NOT ABEL

 

 

 

 
 
Home  | Cuirt/Literature  | Poetry Slam November

Poetry Slam November

Séamus Barra Ó Súilleabháin

November Winner

 
Join our newsletter
 
     
       
         

 

Séamus Barra Ó Súilleabháin

an Insécurité
tá sí pléasctha anois.

gur fágadh ar an sideline thú i d’aonair
agus fóirne réamhchinnte Sheáinín Calvin
ag dul sa ghleo i gcluiche ceannais na Debs
nár fhéadaigh do central processor
nua-aimseartha beartas a dhéanamh
is dream sráide na húdaí bána
ag iarraidh thú a mheaitseáil le leannán the
ag ceistiú;
cad is ainm duit?
an bhfuil tusa gay nó straight?
an tusa Eorpach nó Meiriceánach?
an fearr leatsa Stailin nó Trotscaí?-
gur dheineadh jóc duit bheith ag freastail
ar GAELSCOIL de GAYSCHOOL GAELSCOIL de GAYSCHOOL
le gruaig níos faide ná péineas is tú ag scríobh
litríocht ghrá gach lá do spéirchailín amháin
a dhein faillí ort is ar do shaothair, cailín a mbíonn ag fanacht go fóill
le téacsback a fháil ón leaid leicneach Bhleáchliathach,
da friend of a friend d’fhreastail uirthi ar oíche na débutantes,
go raibh a bhackseat smálaithe ag fuil bréigín a neamhmhaighdeanas;
I taut ya said ya wurnt a fucking vergin! blaedin culchies!-
ach tá sí pléasctha anois.

gur chaithis an iomairce ama sna deireadh seachtainí
ag déanamh valium is mdma led’ leasathair a bhí leathanaigeanta
is d’aigne uaigneach féin gafa idir idirlíonn, thóitíní, is Xbox san imigéin
ag fáil radharc ort féin gach re oíche trí shúla nár chreidis gur leatsa iad
ó scáileáin ríomhaire is tú iarraidh glacaireacht a déanamh
ag iarraidh wankáil, le boidín bog a luigh go traoctha féd' bholg
cosúil le balún bándearg réabtha-
go rabhais róghnóthach id’ óghlach oibre leis
an cumann Karaté, Taekwondó nó youthclub á staidéar agat, leis,
ag iarraidh féinsmacht is saol folláin a chruthú gach lá ar eagla
go bhfíreodh fantisíocht trasghnéasach do chaipíní shúile dhúnta féin
ní mór gur cromadh do chomhfhios, is do gáireadh d’amhrán
is do lean tú ar aghaidh ag canadh go cromtha;
deez boots are made for walking, and dats just what they’ll doo-
ach tá sí pléasctha anois.

na hInsécurités go léir-
their gone! Imithe!
táid á bpléascadh ar deireadh ón gcruinne
táimse á iompó sa lánfhuinneamh fiáin
á leá ar craiceann bainniúil mná
is má chuireann an alarm bastairte in iúl dúinn
gurb ann don t-am; IT IS TIME TO WAKE UP
THE TIME IS 6:30 IT IS TIME TO WAKE UP NOW
ní mór ná go leanfaimid linn lenár nGrá Shíoraí.
ní mór ná go leanfaimid linn ag bualadh bob
is ag bualadh craicinn ar an dteibíocht.


Séamus Barra Ó Súilleabháin
sbosuilleabhain@live.ie




Search the site
......................................................................
Enter keyword
Search criteria
.....................................................................
Calendar Events
February 2012
MTWTFSS
12345
6789101112
13141516171819
20212223242526
272829